An lá a bhuail soilseach an monarcha, Lá Aonach Jack a bhí ann. Chuir siad na meaisíní as, bhuail soilseach ceann acu agus chuaigh sé ar thine. Scanraigh siad uilig agus rith siad amach. Chuaigh sí isteach i dteach eile ar an bhaile, bhí siadsan ag rá an phaidrín. Chuaigh cuid eile go Teach Phaidí Óig. Shiúl an chuid is mó acu na bhaile, d’fhág siad na carranna.
00:05:11
In 1943, 4 Feabhra, ar an 8 a chlog ar maidin, bhuail splanc shoilsigh Teach Pobail Anagaire. Lá Aonaigh an Chlochán Liath a bhí ann. Bhuail sé an bheairic in Anagaire fosta. Buaileadh fear de na gardaí agus an foirgneamh. Bhí an tAifreann sa halla mór in Anagaire ar feadh tamaill. Chaitheadh daoine a bhí ag pósadh dul go teach pobail eile. Scriosadh teach an phobail.